Traenáil
Creidimid go bhfuil traenáil ina cuid ríthábhachtach d'aon réiteach iomlán. Cuirimid cúrsaí traenála ar fáil i Líonrú 7 Slándáil, in Uirlisí Oifige, i nDearadh Idirlín 7 Gréasáin agus in ábhair eile ríomhaireachta; ní gá ach iad a iarraidh. Is féidir cúrsaí a thabhairt i suíomh atá cosúil le léacht i seomra ranga/halla, nó i suíomh praiticiúil i seomra ríomhaireachta. Beidh soláthraí an chúrsa ar fáil chun do chuid ceisteanna a láimhseáil.

Líonrú 7 Slándáil

- Clúdaímid na gnéithe seo a leanas de Líonrú 7 Slándáil:
- Bunghnéithe Líonra
- Comhroinnt Printéirí agus Comhad
- Fabhtcheartú Gréasáin
- Scaipeadh Víreas a Chosc
- Bogearraí Frithvíreas

Uirlisí Oifige

Múineann soláthraí an cúrsa gach ceann de na príomhuirlisí oifige (Microsoft nó OpenOffice), .i. Word, Excel, Access agus Powerpoint. Is féidir an cúrsa a athmhúnlú chun díriú ar aon uirlis oifige ar leith.

Clúdaíonn an chuid den chúrsa a bhaineann le Word:
- Stíleáil Téacs, Táblaí , Figiuirí agus Leagan Amach Doiciméad.

Clúdaíonn an chuid den chúrsa a bhaineann le Excel:
- Stíleáil, Áirimh Mhatamaiticiúla agus Macraí.

Dearadh Idirlín 7 Gréasáin

Míneoidh soláthraí an chúrsa na rudaí seo a leanas:

- Idirlíon: Bunghnéithe, Cuntais Ríomhphoist, Cuardaigh Théacs.
- Teicneolaíochtaí Dearaidh Ghréasáin: HTML, Frontpage, Bunghnéithe Javascript.

Cúrsaí Eile is Féidir a Chur ar Fáil ach Iad a Iarraidh

Is féidir cúrsaí i ríomhchlárúchán, nó i gceann ar bith de na pacáistí ríomhaireachta lena bpléimid, a reáchtáil. Ná bíodh drogall ar bith ort dul i dteagmháil linn le haghaidh níos mó sonraí.


CompuSquad Ltd.
Déan teagmháil le: info@compusquad.ie
Cláraithe in Éirinn, Uimhir: 372954
An uair dheireanach a cuireadh leis an suíomh seo: 18ú Iúil 2004.