Réitigh Shlándála
I measc na gcineálacha ionsaithe a dhéantar ar shlándáil ríomhaireachta tá ríomhphost turscair, víris mhailíseacha, agus breathnú neamhúdaraithe ar shonraí nó cóipeáil nó leasú sonraí. Leis an oiread sin gnóthaí ag brath go láidir ar chumarsáid ríomhaireachta, is leor sárú amháin ar an tslándáil seo le go gcaillfí am agus airgead agus go dtarlódh truailliú sonraí. Tá sé tábhachtach, mar sin, slándáil éifeachtach a chur i bhfeidhm i gcoinne ionsaithe dá leithéidí.

Ar an drochuair, is minic go bhfuil sí ar cheann de na gnéithe den ríomhaireacht ghnó is lú a dtugtar aire di. Is mór is cás linne, áfach, an ghné seo den obair, á dhéanamh cinnte go suitéailtear na bogearraí frithvíreas agus na paistí slándála is nua-aimseartha. Táimid oilte ar shuiteáil ballaí dóiteáin éifeachtacha le haghaidh líonraí agus chun rochtain shlán a chur ar fáil idir cianríomhairí.

Tá ár bhfoireann cáilithe chun do chuid freagraí a fhreagairt, agus chun dul i ngleic le himní ar bith atá ort faoi shlándáil ríomhaireachta. Cuirfimid comhairle ort i dtaobh leibhéal na slándála atá ag teastáil agus conas is fearr dul i ngleic le ríomhphost atá amhrasach agus gan iarraidh. Tá eolas fairsing againn ar na caighdeáin agus modhanna criptiúcháin agus slándála is déanaí ar nós RSA, Diffie-Hellman, IPSec, AES agus 3DES.


CompuSquad Ltd.
Déan teagmháil le: info@compusquad.ie
Cláraithe in Éirinn, Uimhir: 372954
An uair dheireanach a cuireadh leis an suíomh seo: 18ú Iúil 2004.