Scoil
Ar an 16ú Meitheamh 2004, scríobh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (mar chuid den Tionscnamh um Imeascadh Teicneolaíochta) litir chuig na scoileanna inár fógraíodh go mbeidh deontas á chur ar fáil le haghaidh líonrú ríomhaireachta. Is é an 27ú Meán Fómhair an spriocdháta don iarratas seo.

Is féidir linn an cineál seo oibre a éascú i do scoil. Tá taithí fhairsing againn i ngach gné den líonrú:
- Cáblú, Suiteáil agus Críochnú Leictreach
- Riarachán Bogearraí
- Cumraíocht agus Suiteáil Úsáideora
- Comhroinnt Comhad
- Slándáil
- Rochtain Idirlín Leathanbhandach agus ISDN
- Printéirí agus Scanóirí Comhroinnte, agus Cumraíocht Ceamara Dhigití
- Srian a Chur le Rochtain Innill
- Scagadh Ábhair Idirlín chun Ábhar Díobhálach a Bhaint amach
- Cláir agus Feidhmchláir Líonra éagsúla eile, srl.

Tá roinnt líonraí ríomhaireachta scoile curtha i gcrích ag ár bhfoireann agus cuirimid tacaíocht agus cothabháil riachtanach ar fáil anois. Breathnaigh, le do thoil, ar na cás-staidéir le haghaidh samplaí dár gcuid oibre.

Tairgimid réiteach iomlán do scoileanna. Chomh maith le líonrú ríomhaireachta, is féidir linn traenáil ríomhaireachta ábharthach a chur ar fáil do mhúinteoirí i Líonrú 7 Slándáil, in Uirlisí Oifige, i nDearadh Idirlín 7 Gréasáin agus in ábhair eile ríomhaireachta; ní chaithfidh tú ach an cúrsa a iarraidh. Creidimid go bhfuil traenáil ríthábhachtach chun an leas is fearr a bhaint as do chóras ríomhaireachta agus chun víris a chosc. Le haghaidh níos mó sonraí ar thraenáil, cliceáil anseo.

Is féidir do phlean Teicnolaíochta Faisnéise a phlé linn agus é a leasú chun an leas iomlán a bhaint as an gcistiú atá ar fáil. Is féidir linn iniúchadh a dhéanamh ar do chumraíocht agus ar do shuiteáil ríomhaireachta ar a chostas ionas go mbeidh tú ullmhaithe go furasta. Ná bíodh aon drogall ort dul i dteagmháil linn le haghaidh níos mó eolais agus comhairle.


CompuSquad Ltd.
Déan teagmháil le: info@compusquad.ie
Cláraithe in Éirinn, Uimhir: 372954
An uair dheireanach a cuireadh leis an suíomh seo: 18ú Iúil 2004.