Riarachán Gréasáin
Má tá a fhios agat go gcaithfidh tú feabhas a chur ar do bhonneagar Teicneolaíochta Faisnéise ach muna bhfuil a fhios agat cén áit ar cheart duit tosú, déan teagmháil linne. Níl aon dá chomhlacht mar a chéile; mar sin, is féidir linn líonra a chruthú a bheidh oiriúnach do do chuid riachtanas gnó agus do bhuiséad. San áireamh inár gcuid seirbhísí tá gach rud ó riarachán bunúsach gréasáin go dtí cumrú comhadlainne gníomhaí.

Cuirimid béim láidir ar dhea-chúram agus ar phleanáil fiontair. Cuireann ár bhfoireann é seo i gcrích sula ndéantar aon athrú ar do thimpeallacht oibre. Tá saineolas againn ar ghnásanna gréasáin sábháilte. Tuigimid cé chomh tábhachtach is atá do bhoneagar Teicneolaíochta Faisnéise: is féidir leat bheith cinnte nach siúlfaimid linn tar éis é a chruthú. Beimid ann le cinntiú go n-oibreoidh sé san fhadtéarma.


CompuSquad Ltd.
Déan teagmháil le: info@compusquad.ie
Cláraithe in Éirinn, Uimhir: 372954
An uair dheireanach a cuireadh leis an suíomh seo: 18ú Iúil 2004.