Réitigh Bunachair Shronraí
An deacair leat tuairisc a choinneáil ar phleanáil agus ar reáchtáil laethúil do ghnó? An gceapann tú go gcabhróidh bunachar sonraí dea-eagraithe leat? Má cheapann, déan teagmháil linne. Pléifimid agus cruthóimid réiteach bunachair shonraí saincheaptha a bheidh feiliúnach do do chuid riachtanas gnó.

Tógfaimid feidhmchlár a stórálann do chuid sonraí ar bhealach loighciúil agus cairdiúil - is féidir linn fiú amháin é a shuiteáil mar chuid de do láithreán gréasáin. Is cuid dhílis den tseirbhís freisin cothabháil agus tacaíocht don fheidhmchlár; beimid ar fáil chun gné bhreise ar bith atá uait a chur ar bun.

Tá ár bhfoireann bhogearraí oilte ar úsáid teicneolaíochtaí bunachair shonraí mar SQL, MySQL, Oracle agus Access chomh maith leis na teicneolaíochtaí tosaigh iomadúla a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar Java, C++, teicneolaíochtaí DHTML 7 XML agus Visual Basic.


CompuSquad Ltd.
Déan teagmháil le: info@compusquad.ie
Cláraithe in Éirinn, Uimhir: 372954
An uair dheireanach a cuireadh leis an suíomh seo: 18ú Iúil 2004.