Seirbhísí Ríomhaireachta
Má bhíonn fadhbanna agat le do threalamh ríomhaireachta, déan teagmháil linn le do thoil agus freagróidh ár bhfoireann seirbhíse tú chomh luath agus is féidir.

Coinnímid caoi ar gach déantús agus ar gach saghas trealaimh ríomhaireachta - ríomhairí pearsanta, ríomhairí glúine, printéirí, scanóirí 7rl san áireamh. Tá an-chuid taithí ag ár bhfoireann cháilithe ar chothabháil, ar uasghrádú agus ar shuiteáil crua-earraí agus bogearraí ríomhaireachta.

Níl aon amhras ach go bhfuil an t-idirlíon ar cheann de na modhanna is fearr chun eolas a fháil agus a sheoladh ach úsáidtear anois go naimhdeach freisin é mar bhealach isteach do víris, thurscar agus earraí spiaireachta. Bíonn eolas maith againn an t-am ar fad ar na bagairtí is déanaí don úsáideoir laethúil agus is féidir linn teacht go réidh ar na bogearraí cuí chun fáil réidh leis na contúirtí sin, agus chun cosaint a dhéanamh ina gcoinne.

Réitímid fadhbanna idirlín agus gréasáin go rialta; deisímid forimeallaigh ríomhaireachta agus atógaimid innill bhriste.


CompuSquad Ltd.
Déan teagmháil le: info@compusquad.ie
Cláraithe in Éirinn, Uimhir: 372954
An uair dheireanach a cuireadh leis an suíomh seo: 18ú Iúil 2004.