Cás-Staidéir
Cás-Staidéar A - Suiteáil Ghréasáin

Rinne scoil náisiúnta mhór tuaithe i ndeisceart Chontae na Gaillimhe teagmháil linn chun a líonra ríomhaireachta a shuiteáil. Baineann an scoil an-úsáid as an teicneolaíocht agus tá idir mhúinteoirí agus daltaí oilte go leor ar ríomhairí. Tá meascán casta ríomhairí ann, cuid acu nua agus cuid acu sean, a bronnadh ar an scoil.

Shuiteálamar líonra struchtúrtha cáblaí le naisc thapa Ethernet sna seomraí ranga ar fad. Tugann sé seo rochtain do na ríomhairí do fhreastalaí lárnach comhad agus do phrintéir líonra cumhachtach. Baineann na ríomhairí úsáid freisin as ródaire Idirlín ISDN a thugann feidhmíocht rochtana idirlín thar cionn. Uasghrádóimid an nasc seo go hidirlíon leathanbhandach ADSL nuair a bheidh sé ar fáil sa cheantar.

Cás-Staidéar B - Suiteáil Líonra agus Idirlín Leathanbhandaigh

Shuiteálamar líonra struchtúrtha cáblaí i scoil mhór chathrach i nGaillimh a cheadaíonn rochtain acmhainní lárnacha ar nós freastalaí comhad. Tá sé de bhuntáiste ag an scoil seo go bhfuil sí taobh istigh den raon a chlúdaíonn idirlíon leathanbhandach agus, dá bhrí sin, tá nasc idirlín ardluais ag na ríomhairí ar fad.

Ina theannta sin, bíonn seisiúin traenála againn go rialta leis an bhfoireann ar fad. Taispeánaimid dóibh cén chaoi úsáid iomlán agus éifeachtach a bhaint as an líonra agus cén conas is fearr leas a bhaint as an rochtain idirlín leathanbhandach.


CompuSquad Ltd.
Déan teagmháil le: info@compusquad.ie
Cláraithe in Éirinn, Uimhir: 372954
An uair dheireanach a cuireadh leis an suíomh seo: 18ú Iúil 2004.