Cás-Staidéir
Cás-Staidéar A - Cur i bhFeidhm Bunachair Shonraí do Chúrsaí Leighis

Rinne gnáthdhochtúir dea-bhunaithe, le triúr dochtúirí comhairleacha agus ceathrar foirne riaracháin, conradh linn le réiteach bunachair shonraí a thógáil. Tar éis dúinn breathnú ar bhogearraí eile, aimsíodh nár fheil siad do riachtanais chasta na cliantachta. Bhí roinnt gnéithe ar iarraidh agus níorbh fhéidir ceann ar bith acu a shaincheapadh go dtí an leibhéal cruinnis a beartaíodh a bheith ag teastáil.

Rinneamar anailís ar riachtanais na cliantachta agus d'fhorbraíomar fréamhshamhail. Bunaithe ar an aischothú, chuireamar i gcrích réiteach iomlán saincheaptha agus shuiteálamar ar gach ceann de dheasca an árais mháinliachta é. Cruthaíodh an feidhmchlár trí úsáid a bhaint as SQL, Visual Basic agus Microsoft Access 2000. Cuireadh freastalaí lárnach ar bun chun an bunachar sonraí a stiúradh le hurra go mbeadh sioncronú agus aga freagartha tapa ann.

Tar éis céadbhliana rírathúla i bhfeidhm, scrúdaíomar an córas arís chun riachtanais bhreise a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil a aimsiú. Chuir ár mioneolas ar oibreacha na cliantachta ar ár gcumas feidhmiúlacht a mholadh nár smaoinigh siad uirthi fiú amháin. Tá an córas oiriúnach le HL7 agus le IS0-9000. Anois, tá sé i gceist againn athbhreithniú a dhéanamh gach bliain chun feidhmiúlacht an chórais a fheabhsú.

Cás-Staidéar B - Riarachán Líonra agus Cothabháil Ríomhaireachta

Rinne gnó gairmiúil atá suite i gCathair na Gaillimhe teagmháil linn maidir lena mbonneagar ríomhaireachta. Roimh dhul i dteagmháil linn, bhí plé acu le roinnt comhlachtaí ríomhaireachta eile ach fuair siad amach nár thairg ceann ar bith acu sin an réim leathan chéanna seirbhísí agus tacaíochta teicniúla a thairgimidne.

Ar dtús d'uasghrádaíomar an líonra chun na caighdéain reatha atá ar fáil a bhaint amach. Nuair a bhí seo déanta, chuireamar aistriú éifeachtach i gcrích ar a gcuid inneall ar fad ó Windows NT go Windows 2000 agus XP. Cumraíodh an Chomhadlann Ghníomhach agus a bhfreastalaí lárnach comhad ansin chun riachtanais idir shlán agus éifeachtach a chomhlíonadh. Cuireadh ar fáil idir rochtain idirlín leathanbhandaigh agus chianrochtain ríomhairí. Ina dhiaidh sin, chabhraíomar le roghnú na mbogearraí gnó is iontaofa agus is éifeachtaí ó thaobh costais de, agus chuireamar i gcrích iad, chomh maith le gach riachtanas eile tealaimh ríomhaireachta.

Cuirimid cothabháil rialta ar fáil dá líonra agus dá ríomhairí chomh maith le tacaíocht IT ghinearálta.


CompuSquad Ltd.
Déan teagmháil le: info@compusquad.ie
Cláraithe in Éirinn, Uimhir: 372954
An uair dheireanach a cuireadh leis an suíomh seo: 18ú Iúil 2004.