Réitigh Ghnó
Leis an oiread sin pacáistí bogearraí ar an margadh, bíonn sé deacair d'intinn a shocrú ar na réitigh is iontaofa, agus is éifeachtaí ó thaobh costais de, duit. Chomh maith leis sin, is féidir le holl-líon na gceisteanna ceadúnaithe a bhaineann le go leor de na pacáistí seo mearbhall a chur ar dhuine.

Pléimid go rialta le bogearraí gnó ar nós Sage, Micropay, ACT!, Dictaphone, OpenOffice, Goldmine, TAS Books, BigRed Book, Microsoft Excel, Word, Access, Powerpoint agus pacáistí éagsúla eile. Molfaimid agus míneoimid na pacáistí is fearr a oirfidh do ghnó inár dtuairim. Má bhíonn tú sásta leis an moladh, cuirfimid i gcrích suiteáil iomlán ar fud do líonra.

Fiú má aimsíonn tú nach n-oireann pacáiste ar bith do chuid éileamh gnó, beidh réiteach ar fáil fós féin. Is féidir linn feidhmchlár saincheaptha a chur le chéile le dul in oiriúint go foirfe do do chuid riachtanas, ag úsáid, mar shampla, teicneolaíochtaí Java, C++, Visual Basic, DHTML agus/nó CORBA.

I saol gnó an lae inniu, uirlis mhargaíochta agus díolaíochta bhunúsach is ea an t-idirlíon. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh custaiméirí in ann teacht ar do láithreán gréasáin, breathnú air, agus idirghníomhú leis b'fhéidir, go héasca. Is féidir le comhéadan agus dearadh dea-struchtúrtha an-difríocht a dhéanamh do chéadtuairim custaiméara. Is féidir linn, trí úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí gréasáin is déanaí uile, do láithreán gréasáin a chruthú nó an ceann atá agat cheana féin a leasú. Tugaimid aire ar leith dá dhéanamh, á dhéanamh cinnte go bhfuil sé cairdiúil, struchtúrtha go loighciúil, comhoiriúnach do bhrabhsálaithe éagsúla agus so-nuashonraithe do ghnéithe nua.

Chomh maith leis sin ar fad, is féidir linn do shuíomh idirlín a aistriú go Gaeilge más mian leat.


CompuSquad Ltd.
Déan teagmháil le: info@compusquad.ie
Cláraithe in Éirinn, Uimhir: 372954
An uair dheireanach a cuireadh leis an suíomh seo: 18ú Iúil 2004.