Idirlíon Leathanbhandach
An bhfuil tú tinn tuirseach de bheith ag fanacht agus tú ag úsáid an idirlín?

Mar sin tá rochtain idirlín leathanbhandach feiliúnach duitse. Suiteálfaimid agus cumróimid rochtain DSL duit chun do chuid fadhbanna idirlín a réiteach. Tá nasc a bhíonn i gcónaí casta air, luasanna níos tapúla, agus costas míosa seasta, ar fáil.

Tá ADSL (Asymmetric Digitial Subscriber Line = Líne Rannpháirtí Digiteach Neamhshiméadrach) ar cheann de na hardáin chumarsáide is déanaí atá tar éis Gaillimh a shroicheadh. Ar an 31ú Bealtaine 2004, chas Dermot Ahern, T.D., an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, air go hoifigiúil an líonra leathanbhandach nua i nGaillimh, líonra a chosain EUR 9 milliún. Is é seo an t-infheistíocht is mó i mbonneagar cumarsáide sa chathair. Tá sé mar chuid d'fhiontar níos mó ar scála náisiúnta atá chun an leathanbhanda a thabhairt chuig bailte agus cathracha ar fud na hÉireann.

Tá thart ar 45 chiliméadar de shnáithín gréasáin curtha suas a bheidh ag freastal ar an leathanbhanda le húsáid i ngnónna, i scoileanna, in ospidéil agus i mbailte ar fud chathair na Gaillimhe amach chomh fada le hÓrán Mór. Déan teagmháil linn agus is féidir linn comhairle a chur ort maidir le lorg Rochtain Leathanbhandach Idirlín.


CompuSquad Ltd.
Déan teagmháil le: info@compusquad.ie
Cláraithe in Éirinn, Uimhir: 372954
An uair dheireanach a cuireadh leis an suíomh seo: 18ú Iúil 2004.